Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2023-09-21 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ba mhaith liom an t-ionad leighis in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a ardú arís mar tá sé ardaithe go mion minic agam. Faoi dheireadh, tá beagáinín dul chun cinn déanta agus tá sé oscailte an tseachtain seo tar éis é a dhúnadh trí bliana ó shin. Is rud maith é sin ach níl ach ceathrar ag freastal ar an ionad in ainneoin an éilimh atá ar an talamh, dar leis na dochtúirí teaghlaigh. Tá teach altranais ann freisin agus tá cúig leaba folamh leis na blianta, rud a chuir iontas ar an Aire Stáit, an Teachta Butler, nuair a bhí sí ann i rith an tsamhraidh. Táim ag rá go bhfuil beagáinín dul chun cinn déanta ach tá gá lé súil ghéar ón Aire agus ón Aire Stáit chun a chinntiú go mbeidh an t-ionad oscailte go hiomlán chomh sciobtha agus is féidir agus fáil réidh leis na leapacha atá dúnta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-09-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:11+00:00 Sitting date: 2023-09-21