Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2023-10-04 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West Bítear ag maíomh go minic maidir le tacaíocht an Rialtais agus tacaíocht an Stáit don Ghaeilge ach duine ar bith a dhéanann iarracht gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge, bíonn fadhbanna ollmhóire acu, go mór mór má tá siad ag iarraidh rud a dhéanamh ar líne. Tháinig sé chun solais inniu, mar shampla, nach féidir le múinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí Ghaeilge i láthair na huaire nó le dhá bhliain anuas. Mar sainchuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, bhí soláthar ann go mbeadh fochoiste Comhaireachta agus an Taoiseach mar chathaoirleach air a stiúrfadh cúrsaí na Gaeilge sa tír seo agus a dhéanfadh cinnte go gcuirfí an straitéis i bhfeidhm agus go mbeadh cothrom na Féinne agus a gcearta ar fáil do Ghaeilgeoirí. An bhféadfadh an Taoiseach a rá liom an bhfuil sé i gceist fochoiste Comhaireachta a bhunú ar a mbeidh an Taoiseach mar chathaoirleach, mar a bhí geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:14+00:00 Sitting date: 2023-10-04