Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-10-17 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá plé le fada ar straitéis don Ghaelainn laistigh den chóras oideachais ina iomláine ón réamhscolaíocht tríd an mbunscolaíocht agus an mheánscolaíocht agus ar aghaidh chuig an tríú leibhéal. An dtabharfaidh an tAire tuairisc dúinn maidir leis an dul chun cinn atá déanta leis an straitéis sin a chur i gcrích? Cad é an scéal is déanaí maidir leis? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:17+00:00 Sitting date: 2023-10-17