Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2023-10-17 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá gá leis an straitéis seo. Tá sé an-tábhachtach agus is cinnte go bhfuil céimeanna dearfacha á dtógáil do na scoileanna Gaeltachta, mar a luaigh an tAire, mar aon le céimeanna éagsúla eile laistigh den chóras ach feidhmíonn na céimeanna seo mar chuid den straitéis ina iomláine. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh straitéis iomlán ann don tslí go léir ón réamhoideachas tríd na bunscoileanna agus meánscoileanna agus ar aghaidh chuig an tríú leibhéal. Cloisim go bhfuil roinnt taighde déanta ag an Roinn ach tá sé seo ar siúl le tamall anois. An féidir é a bhrostú ar aghaidh? Cén dul chun cinn atá a dhéanamh? Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh straitéis iomlán ann i gcomhair an chórais oideachais ar fad, is é sin, i gcomhair daltaí agus iad ag teacht tríd an tslí go léir ón réamhoideachas go dtí go gcríochnaíonn siad a gcuid oideachais. Caithfear straitéis mar sin a chur i gcrích. An bhfuil aon amchlár nó sprioc-am ag an Aire chun é sin a bhrú ar aghaidh? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:17+00:00 Sitting date: 2023-10-17