Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-10-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Baineann mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus go háirithe leis an athbhreithniú atá faoi chaibidil aige maidir leis na foirgnimh, na suíomhanna agus an talamh atá i seilbh an údaráis. Cá bhfuil an t-athbhreithniú sin? Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ó thaobh na hathbhreithnithe agus ó thaobh aon phlean atá beartaithe maidir leis an taighde sin. Freisin, rud atá an-tábhachtach, luaim na hacmhainní a bheidh ag teastáil chun aon phlean a chur i gcrích. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:19+00:00 Sitting date: 2023-10-19