Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-10-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá neart istigh sa fhreagra sin. Mar sin beidh orm é a léamh go cruinn. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil an taighde críochnaithe agus is dea-scéal é sin. Tá a lán ceisteanna curtha agam agus freagraí faighte. Is rud maith é. Is buntáiste é go bhfuil réimse leathan foirgnimh, talún, agus suíomhanna i seilbh an údaráis a bhuí don obair a rinne sé agus Gaeltarra rompu. An rud a chuireann isteach orm ná go bhfuil na suíomhanna agus na monarchana folamh le tréimhse fhada anuas. Tá an taighde críochnaithe. Níor chuala mé aon fhocal maidir le plean a bheith ag eascairt as an taighde sin, go háirid ó thaobh úsáidí eile don talamh ar son foirgnimh agus suíomhanna agus le dul i dtreo, mar shampla, cúrsaí tithíochta. Tá an téama céanna tagtha aníos go mion minic ó thaobh géarchéim na tithíochta atá ar fud na Gaeltachta uilig. Cén soiléiriú gur féidir leis an Aire Stáit a thabhairt dom maidir le húsáid difriúla talún a chur chun cinn? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:19+00:00 Sitting date: 2023-10-19