Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-10-19 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim tuairimí an Teachta ar an ábhar sin. Tá na tuairimí céanna aici maidir leis an eagraíocht eile atá faoi mo chúram, sé sin, Oifig na nOibreacha Poiblí. Maidir leis an taighde agus cad atá i gceist ag an údarás a dhéanamh faoi láthair, úsáidtear maoiniú an údaráis ar mhaithe le cuspóirí na heagraíochta mar atá sonraithe sa phlean straitéise 2021 go 2025 a chur i gcrích chun leas pobal na Gaeltachta. Tá an taighde seo mar ghné tábhachtach don anailís criticiúil gur gá a dhéanamh go tráth rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil úsáid na maoine ag sásamh na cuspóirí straitéiseacha. Beidh an t-údarás ag baint úsáid as an taighde sin go luath. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:19+00:00 Sitting date: 2023-10-19