Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-10-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an taighde. Tá sé críochnaithe agus mar a dúirt mé is dea-scéala é sin. An cheist anois ná cén plean atá ann le dul i ngleic leis na foirgnimh atá folamh agus an talamh áit nach bhfuil aon fhorbairt agus mar sin. Tugaim moladh i gcónaí don údarás. Gan é, bheadh an ghéarchéim i bhfad níos measa. Tá féidearthachtaí anseo. Céim a haon ná an taighde a dhéanamh agus a bheidh ionraic ó thaobh stádas na punainne maoinithe seo. Anois an t-am do phlean. Níos tábhachtaí ná sin ná oibriú amach an féidir na suíomhanna a úsáid ó thaobh cúrsaí tithíochta de. Cén taighde atá déanta air sin agus cá bhfuil na treoracha pleanála do na Gaeltachtaí? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:19+00:00 Sitting date: 2023-10-19