Acht na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-10-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ar a laghad, tá dáta againn anois - Márta na bliana seo chugainn. An mbeidh an tuarascáil nó an t-athbhreithniú sin á fhoilsiú ag an Roinn? Tá an t-ábhar seo thar a bheith tábhachtach. Bhí sé conspóideach ón tús maidir leis an gcóras pleanála teanga. Dar len a lán daoine, saineolaithe san áireamh, bhí an t-uafás ualach á chur ar an bpobal. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén dul chun cinn atá déanta. Maidir leis na deich bplean atá faoi chaibidil ag an gconradh, cén chaoi ar phioc an Roinn na deich ndúiche sin? Mar shampla, níl Cois Fharraige i nGaillimh san áireamh. De réir mo thuisceana, tá an plean sin ag feidhmiú le fada an lá agus roimh na cinn atá pioctha ó thaobh an chomhlachta de. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:19+00:00 Sitting date: 2023-10-19