Acht na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-10-19 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tiocfaidh mé ar ais arís maidir leis an bplean a luaigh an Teachta i nGaillimh. Sular éirigh mé tinn i rith an tsamhraidh, bhí sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta timpeall na tíre. Go dtí seo, bhí mé i nDún na nGall, i gConamara, i Ráth Chairn i gContae na Mí, i gceantar na Déise, i gCorcaigh, i gCiarraí theas agus i gCiarraí thiar. Is é an rud a bhí i gceist agam agus mé sna ceantair Ghaeltachta sin ná cé chomh tábhachtach is atá sé na pleananna teanga a fheiceáil. B'fhéidir go mbeidh seans eile againn, sa choiste nó i gcruinniú i m'oifig, tuairimí an Teachta ar na pleananna teanga a bhaineann le Conamara agus le Gaillimh a phlé. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:19+00:00 Sitting date: 2023-10-19