Road Projects Dail Éireann — 2023-11-14 ============================================================ Brendan Griffin (FG), Kerry Tá an scéim seo go han-tábhachtach do bhóithre áitiúla. Tá na daoine atá ina gcónaí ar na bóithre seo ag fanacht rófhada ar fad, go háirithe i gContae Chiarraí, in áiteanna cosúil le Corca Dhuibhne. Tá níos mó airgid ag teastáil uainn, agus caithfidh an Roinn Iompair airgead a thabhairt don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun na bóithre seo a fheabhsú. Níl sé ceart go leor ar chor ar bith. Tá na daoine ag fanacht rófhada agus tá siad ag íoc a gcuid cánach ach níl na seirbhísí ag teacht ar ais. Caithfimid an córas seo a athrú agus caithfimid na bóithre seo a fheabhsú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-11-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:23+00:00 Sitting date: 2023-11-14