Earnáil na Meán Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an ceart aige maidir leis an maoiniú do Feasta . Is ceann de na cinntí a glacadh nuair a rinneadh laghdú blianta ó shin ar an maoiniú a thug Foras na Gaeilge d'irisí agus do nuachtáin dhifriúla é sin. Thar na blianta, tá a lán irisí agus nuachtáin imithe ar shlí na fírinne i mbealach amháin nó i mbealach eile. Táim ag caint faoi Lá , Foinse , Gaelscéal , Anois , Ar Aghaidh Linn , An tUltach , Deirdre agus a lán eile nach iad. Bhí roinnt acu dírithe ar dhreamanna áirithe ach anois níl ach dhá iris foilsithe i nGaeilge. Is ceann amháin acu Comhar , a luaigh an tAire Stáit. Tá sé sin ag fáil laghduithe ar an méid a bhíodh sé ag fáil ó Fhoras na Gaeilge. Ní fhaigheann an ceann eile, An Timire , aon mhaoiniú. Go bhfios dom, níor lorg sé maoiniú. Tá géarchéim ann ó thaobh foilsitheoireacht na Gaeilge de. An bhfuil an tAire Stáit sásta níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh tacaíocht ann d'fhoilsitheoirí agus d'irisí amach anseo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05