Earnáil na Meán Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair. Cuireadh €300,000 breise ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge mar chuid de bhuiséad 2023 dá bharr. D'fhógair mé €300,000 breise d'Fhoras na Gaeilge ag tús na bliana seo chomh maith chun tacú leis an earnáil foilsitheoireachta. Leanfaidh mo Roinn agus Foras na Gaeilge ag breathnú ar roghanna agus deiseanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge san am atá amach romhainn mar atá déanta go dtí seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05