Earnáil na Meán Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Dá mbeadh The Irish Times , Irish Independent agus Irish Examiner ag imeacht ón saol ag an am céanna, bheadh géarchéim i measc léitheoirí an Bhéarla. B'fhéidir go mbeadh siad ag brath ar The Sun , The Star nó rud éigin dá leithéid. Tá géarchéim ann nuair a imíonn na hirisí agus na nuachtáin ar fad a bhí ann do lucht na Gaeilge seachas iris amháin atá ag streachailt ar aghaidh. Bhuel, tá dhá iris ann ach tá ceann amháin dírithe ar chúrsaí eaglasta. Tá ceist dháiríre anseo ní hamháin ó thaobh na foilsitheoireachta. Luaigh an tAire Stáit an tuairisc a d'fhoilsigh muid. Tá súil againn go mbeidh duine éigin ón Roinn in ann teacht os ár gcomhair chun déileáil leis seo mar ní ceist Ghaeilge amháin é sin; tá na healaíona i gceist chomh maith mar tá scríbhneoireacht na Gaeilge chomh hársa sin gur seoid agus cuid dár n-oidhreacht í. Muna bhfuil irisí nó nuachtáin ann do scríbhneoirí, bheadh sé sin níos deacra. Arís, aithním an €300,000 a luaigh an tAire Stáit ach tá i bhfad Éireann níos mó ag teastáil chun déileáil le ceist na foilsitheoireachta reatha, is é sin, na hirisí agus nuachtáin a bhí i gceist agam sa cheist. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05