Earnáil na Meán Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas arís leis an Teachta Ó Snodaigh as an méid atá ráite aige maidir le buiséad 2024. Tuigim agus tuigeann an Teach go léir gur obair neamhspleách í an obair atá déanta agus atá le déanamh ag Foras na Gaeilge. Oibríonn sé ar bhonn uile-oileán. Tuigtear cé chomh deacair is atá sé de bharr eachtraí sa Tuaisceart. Tá muidne i Roinn na Gaeltachta ag déanamh ár ndíchill agus ag obair le Foras na Gaeilge. Tá an-mhéid déanta ag an bhforas go dtí seo ar scéimeanna difriúla, scéimeanna nuachtán, scéimeanna Idirlín agus scéimeanna leabhar san áireamh. I mo thuairimse, tá sé ag déanamh an-dul chun cinn maidir leis an ábhar sin ach tuigim an cheist a cuireadh os mo chomhair. B'fhéidir go mbeidh seans ag an Teachta an méid sin a phlé le Foras na Gaeilge agus é ag déanamh a chuid oibre neamhspleách ón Rialtas. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05