Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ní mise a roghnaigh an dáta - an 31 Deireadh Fómhair- i mbliana. Is é an tAire Stáit a roghnaigh é mar thug sé domsa i bhfreagra é níos luaithe i mbliana. Dá réir, bhí sórt geallúint tugtha aige go mbeidh na forálacha seo i bhfeidhm. Bhí daoine ag tnúth le hailt 4 agus 5 ach go háirithe, ailt a dhéileálann leis an dualgas atá ar chomhlachtaí Stáit taifead ceart a dhéanamh ar ainmneacha agus seoltaí. Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag féachaint ar na cearta nua atá ann de réir na hAchta agus ag iarraidh feachtas a dhéanamh a léireodh na cearta nua sin. Anois, ní féidir leis é sin a dhéanamh mar níl an dá cheart sin tagtha i bhfeidhm. Luaigh an tAire Stáit tréimhse ghearr eile. Cad é an tréimhse ghearr sin? An bhfuil trí mhí, sé mhí, cúig bliana nó deich mbliana i gceist? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05