Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim nach bhfuil an Teachta ag gearán. Ar an ábhar sin, cé gur luadh dáta eatramhach den 31 Deireadh Fómhair 2023 i leith seo roimhe seo, beidh tréimhse ghearr eile ann anois sula mbeidh feidhm á tabhairt do na forálacha seo. Cuireadh na comhlachtaí poiblí uile ar an eolas faoi seo trí chomhfhreagras a seoladh chucu ar an 27 Deireadh Fómhair 2023, cé gur léir gur eisíodh roinnt alt míchruinn sna meáin faoi seo ó shin. Táthar ag súil le dul i dteagmháil leis na comhlachtaí poiblí arís sna seachtainí gearra amach romhainn le iad a chur ar an eolas faoin dáta tosach feidhme nua agus é deimhnithe. Anuas air seo, tá beartaithe ag mo Roinn feidhm a thabhairt ar an lá céanna d'ailt 12, 13 agus 14 den Acht, a bhaineann le bunú an choiste logainmneacha. Arís, críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05