Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigfidh an tAire Stáit an frustrachas atá ann toisc go raibh geallúint ann. Nuair a bhíomar ag déileáil leis an reachtaíocht seo ag Céim an Choiste agus ag an Tuarascáil, bhíomar ag iarraidh go mbeadh an reachtaíocht níos déine ó thaobh na ndátaí difriúla ar a mbeidh na forálacha ag teacht i bhfeidhm. Bíonn eagla agus frustrachas ar dhaoine nuair a bhogann na dátaí seo píosa ar phíosa. Bheadh sé go deas dá mbeadh an tAire Stáit in ann a fhógairt go bhfuil dáta nua ann agus go bhfuil an Stát seo, sa deireadh thiar thall, chun cosaint a thabhairt d'ainmneacha agus seoltaí daoine. Is é sin atá i gceist. I mbeagnach gach uile thír eile ar domhan, is féidir d'ainm a bheith cláraithe i gceart agus bíonn comhlachtaí stáit sásta an t-aitheantas sin a thabhairt. Is é sin atá i gceist leis an Acht. Ní cóir go mbeadh aon mhoill eile i gceist le haon cheann de na forálacha nach bhfuil i bhfeidhm go dtí seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05