Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim go bhfuil an freagra seo casta ach tá sé an-tábhachtach dom, mar Aire Stáit, an freagra cruinn a chur os comhair na Dála. Chríochnaigh mé ar an gcoiste logainmneacha. Agus é beartaithe feidhm a thabhairt do na forálacha uile seo roimh dheireadh na bliana, ciallóidh sé sin go mbeidh feidhm tugtha d'fhorálacha substainteacha uile an Achta bliain chun cinn ar an sprioc atá leagtha síos ina leith. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa. Bheadh an méid den Acht sin curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05