Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Bhí cruinniú ag mo Roinn le Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar an 21 Meán Fómhair chun na féidearthachtaí maidir le scéim nua a chíoradh agus tá beartaithe ag an Roinn bualadh le grúpa ionadaíoch ar na hoifigigh pleanála teanga sna seachtainí amach romhainn chun a gcuid smaointe a bhailiú freisin. Anuas air sin, ag cruinniú i mí na Samhna de choiste comhairleach an Aire maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, glacadh cinneadh cruinniú ar leith den choiste a thionól luath sa bhliain nua ar mhaithe leis an gceist áirithe sin a phlé. Cuirfear moltaí fhóraim Chois Fharraige um pleanáil teanga san áireamh sa phlé sin, rud atá an-tábhachtach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann fógra eile a chur amach maidir le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus maidir leis an scéim sin go luath. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05