Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Arís tá scéim úir a phleanáil ag an Aire Stáit agus sin mar a dúirt sé nuair a roghnaíodh é mar Aire Stáit sa chéad dul síos. Sin ceann de na céad rudaí a dúirt sé in agallamh agus tá sé ag gníomhú de réir a bhriathar. Dúirt sé go mbeadh sé i gceist scéim labhairt na Gaeilge dá shórt a thógáil ar ais agus is maith sin. Cosúil leis na ceisteanna eile a bhí agam níos luaithe, arís tá mé ag fiafraí cén uair a tharlóidh sé seo. Sin an príomhrud. Tá daoine ag brath ar chuidiú ón Stát chun déanamh cinnte nach bhfuil clainne agus teaghlaigh ag casadh ar Bhéarla agus go mbeadh siúd lasmuigh den Ghaeltacht ag féachaint, amach anseo, ar conas is féidir leo braith ar an Stát nuair atá siadsan ag smaoineamh ar a gclainne a thógáil le Gaeilge. Tá súil againn go gcuirfidh seo dlús leis an méid chainteoirí Gaeilge gach uile lá, ní hamháin i gceantair Ghaeltachta, ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05