Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Déanann an cheist seo déileáil leis an ionchur a bhí ag an Roinn maidir le hullmhú an Bhille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, chun cinnte a dhéanamh de go mbeadh cosaintí ann don Ghaeltacht san áireamh i bpleanáil amach anseo agus chomh maith le sin go mbeadh inmharthanacht shochtheangeolaíochta curtha san áireamh in aon srianta maidir le tógáil tithe. Ceist eile atá gaolta ná a chinntiú go mbeadh spásanna ealaíona, ionaid chultúrtha, ionaid siamsaíochta oíche, agus a leithéid, á gcosaint in aon forbairt amach anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05