Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is faoi stiúir an Ard-Aighne a bhí an t-athbhreithniú agus an comhdhlúthú ar an Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000, ceann de na gníomhaíochtaí tosaíochta de chuid Tithíocht do Chách. Cuireadh tús le Tithíocht do Chách go déanach i samhradh 2021 agus tógadh go ceann scríbe é le foilsiú an dréacht Bhille um Phleanáil agus Forbairt, 2022 i mí Eanáir 2023. Rinne grúpa oibre an Ard-Aighne obair fhairsing ina leith, le rannpháirtíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, mar a bhain sé le gnéithe polasaí agus aiseolas ó rannpháirtíocht geallsealbhóirí. I ndiaidh fhoilsiú an dréachtbhille, rinne an Comhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht grinnscrúdú cuimsitheach réamhreachtach i mí Feabhra agus mí an Mhárta. D'fhoilsigh an comhchoiste a thuarascáil i mí na Bealtaine ina raibh breis agus 150 moladh, a ndearna an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta breithniú cúramach orthu agus a bhfuil roinnt acu san áireamh sa Bhille athbhreithnithe. Is é príomhaidhm an Bhille seo ná ullmhú pleananna a chur i gceartlár an chórais phleanála trí níos mó soiléireachta agus sruthlínithe a thabhairt don reachtaíocht phleanála agus feabhas a chur ar fheidhmiú an chóras pleanála do chleachtóirí agus don phobal i gcoitinne araon. Tá rannpháirtíocht an phobail, ar sainmharc é den chóras pleanála reatha, ina chuid lárnach den chóras pleanála sa reachtaíocht nuashonraithe go fóill. Ag teacht le cleachtas caighdeánach, chuathas i gcomhairle le mo Roinn maidir le forálacha an Bhille. Cé go bhfáiltíonn mo Roinn roimh na forálacha atá sa Bhille a bhaineann le caomhnú na Gaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachta, tá cruinniú iarrtha idir oifigigh ón dá Roinn chun cuspóirí fhorálacha áirithe a shoiléiriú agus chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go gcuirfí líon beag leasuithe san áireamh ag Céim an Choiste a d'fhéadfadh an chosaint a thugtar don teanga sa chóras pleanála a neartú tuilleadh. Táim ag súil go reáchtálfar an cruinniú seo go luath san athbhliain. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05