Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an teanga sa Bhille seo agus cé chomh mór is atá an Bille féin. Níl sé léite agamsa ach an oiread ach tá súil agam go mbeidh seans agam i rith na Nollag. Nuair atá Daidí na Nollag críochnaithe le mo chlann, b’fhéidir go mbeidh mé in ann an Bille a léamh. An rud is tábhachtaí domsa ná go mbeidh seans ag mo Roinn agus an Roinn tithíochta na rudaí is tábhachtaí ó thaobh an teanga de a phlé. Beidh a fhios ag an Teachta go raibh an-díospóireacht againn sa choiste cúpla seachtain ó shin maidir leis na treoirlínte agus iad a fhoilsiú. Níl aon rud ag seasamh amach anois agus tá sé deimhnithe ag m’oifigigh go mbeidh sé sin á dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh an Roinn tithíochta in ann na treoirlínte a fhoilsiú chomh luath agus is féidir mar tá sé sin an-thábhachtach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05