Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2023-12-05 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Maidir leis na treoirlínte, tá mo Roinn críochnaithe leis an ábhar sin. Tá na treoirlínte ag an Roinn tithíochta; mar sin, is ceist don Roinn sin í sin. Is ceist an-thábhachtach í. Maidir leis an mBille seo, tuigim cé chomh tábhachtach is atá an Bille seo, go háirithe do na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach a rá go mbeidh cruinniú á eagrú idir na hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus an Roinn tithíochta chun labhairt faoi na leasuithe a dhéanfar le linn Chéim an Choiste sa Dáil nó sa roghchoiste. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:29+00:00 Sitting date: 2023-12-05