Appropriation Bill 2023: Second Stage Dail Éireann — 2023-12-12 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tacaím go huile is go hiomlán leis an Teachta Farrell maidir leis an easpa infheistíochta atá á dhéanamh laistigh den Ghaeltacht go háirithe maidir leis an infreastruchtúr agus ní díreach an infreastruchtúr ó thaobh bóithre ach an t-infrastruchtúr eile atá de dhíth chun a dhéanamh cinnte de go leanann an pobal ansin ag maireachtáil i gceart. Níl ach nóiméad go leith agam chun déileáil leis an mBille an-tábhachtach seo. Is trua a laghad ama is atá agam. Pléifidh mé leis na leasuithe atá agam nuair a thiocfaidh muid go dtí Céim an Choiste agus ní dhéileálfaidh mé leo siúd anseo. Go traidisiúnta, níl i gceist anseo ach cleachtas cuntasaíochta - nó is é sin a deirtear linn - chun íoc as na seirbhísí atá ag an Stát agus beagnach €80 billiún atá i gceist leis. Leagtar síos táblaí a thaispeánann an chaoi a caitheadh an t-airgead sin sna heagrais Stáit agus sna Ranna éagsúla. Seachas ceann amháin, déileáltar leis na Vótaí sin i gcoistí agus bíonn díospóireacht ar theidil dhifriúla na Vótaí sin. Nuair a leagtar síos sa tábla iad, léiríonn sé an difríocht mhór agus an chodarsnacht idir Vótaí na Ranna difriúla. Léiríonn sé sin domsa, mar a dúirt an Teachta a labhair romham, an fhadhb bhunúsach atá sa Roinn Sláinte. Tá sé an-mhór ó thaobh caiteachais de, ach is léir domsa ón uair a toghadh mé go bhfuil fadhb bhunúsach ann nach féidir le daoine na figiúirí cearta a chur os ár gcomhair bliain i ndiaidh bliana. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-12/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:31+00:00 Sitting date: 2023-12-12