Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí Dail Éireann — 2020-10-01 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Rinne an Teachta Ó Snodaigh tagairt don chlár "Cúla4 ar Scoil", clár a choimisiúnaigh TG4. Soláthraíonn an clár seo seirbhís chuimsitheach do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna chun foghlaim i nGaeilge a éascú don lucht féachana. Clúdaíonn sé na príomhábhair: an Ghaeilge, matamaitic, stair agus tíreolaíocht. Bhí áthas orm a nótáil freisin go bhfuil an clár ag clúdach ranganna cruthaitheacha ar na healaíona, ar na healaíona traidisiúnta agus ar shláinte agus folláine. Mar gheall ar an mbeartas seo, bhí costas breise de €1.9 milliún le clúdach ag TG4 i mbliana. Tá iarratas á dhéanamh agam chun tacaíocht airgeadais a fháil i mbliana i leith na costais Covid seo. Mar is eol don Teachta, tá grá agam ar TG4 agus déanfaidh mé mo dhícheall chun gach tacaíocht a thabhairt dó, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Mar a dúirt mé cheana, táim ag súil le cruinniú a bheith agam le TG4 sna seachtainí atá romhainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-10-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:38+00:00 Sitting date: 2020-10-01