Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí Dail Éireann — 2020-10-01 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá sé thíos €1.9 milliún i mbliana díreach de thoradh Covid-19. Seachas sin, tá bearna mhór ann ó thaobh an maoiniú a chóir a bheith aige agus an maoiniú a shocraigh sé in aontú leis an BAI chun cinntiú go leanfadh sé ar aghaidh agus go bhfuil plean straitéiseach ann. Tá €4.1 milliún i gceist i mbliana. Táim ag impí ar an Aire, ní hamháin an €1.9 milliún a lorg ón Aire Airgeadais, ach díriú chomh maith ar an airgead atá de dhíth ag TG4 chun maireachtáil amach anseo. Mar a dúirt mé, tá breis agus €4 milliún ag teastáil uaidh i mbliana. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-10-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:38+00:00 Sitting date: 2020-10-01