Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí Dail Éireann — 2020-10-01 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Tá m’oifigigh i mbun idirchaidrimh le TG4 maidir leis an iarratas do mhaoiniú bhreise agus tá siad ag lorg tuilleadh faisnéise. Measfar an t-iarratas nuair a fhaightear an fhaisnéis sin. Beidh mé i mbun idirchaidrimh leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le riachtanais maoinithe mo Roinne don bhliain 2021 mar chuid den phróiseas Meastacháin. Ní féidir a rá ag an bpointe seo cén t-airgead a chuirfear ar fáil d’aon ghníomhaireacht go dtí go n-aontaíonn an Rialtas leis sin. D’éirigh liom maoiniú breise de €2 milliún a fháil i bpacáiste spreagadh mhí Iúil don scéim fís agus fuaim agus tá sé sin ar fáil do gach craoltóir. Seolfaidh mé aon eolas breise ag an Teachta Dála níos déanaí inniu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-10-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:38+00:00 Sitting date: 2020-10-01