Royal Hibernian Academy (Amendment of Charter) Bill 2023: Committee and Remaining Stages Dail Éireann — 2023-12-13 ============================================================ Catherine Connolly (CC), Galway West Mo bhuíochas leis na Teachtaí Ó Snodaigh agus Sherlock as ucht a bheith páirteach sa díospóireacht. Is ceisteanna do lá éigin eile iad na ceisteanna atá arduithe ag an Teachta Ó Snodaigh. Tá siad tromchúiseach. An ról faoi leith atá agamsa mar Leas-Cheann Comhairle ná an Bille a chur chun cinn os comhar na Dála inniu. Mo buíochas arís don oifig agus as ucht na nótaí a fuair mé. Ní raibh mise ar an eolas ach an oiread go raibh orm é seo a dhéanamh mar Leas-Cheann Comhairle ach is é sin an chaoi atá sé faoi láthair. Beidh deis eile againn é a phlé. Mo bhuíochas arís don Royal Hibernian Academy. Tá obair na gcapall déanta ag na baill ann agus tá a fhios agam go bhfuil sé an-tábhachtach dóibh go gcuirfí an Bille tríd an Dáil agus go mbeadh gach Ball aontaithe faoi. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-12-13/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:32+00:00 Sitting date: 2023-12-13