An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2024-01-17 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus guím athbhliain faoi mhaise dó. Táim ag fiosrú faoin mBille maidir leis an toghchán d’Údarás na Gaeltachta. Cuireadh stop le toghchán Údarás na Gaeltachta roinnt blianta ó shin agus is mór an chailliúint a bhí ann. D'oibrigh sé sin nasc idir mhuintir na Gaeltachta agus an údarás agus tá contaetha nach bhfuil aon ionadaíocht acu ar feadh roinnt blianta. Thosaigh an tAire Stáit deireanach ar Bhille nua a thabhairt chun cinn agus tá an coiste Gaeilge tar éis é sin a phlé le breis is sé mhí anois an samhradh seo caite. Tá muintir na Gaeltachta ag tnúth go mór lena vóta a bheith acu chun bord an údaráis a roghnú arís. Mar sin, cathain a bheidh muintir na Gaeltachta ábalta vóta a chaitheamh agus a bheidh an Bille nua do thoghchán d’Údarás na Gaeltachta tagtha chun cinn? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-01-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:33+00:00 Sitting date: 2024-01-17