Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Sula dtosaím, déanaim pointe ó thaobh prótacal de mar arís tá "and if she will make a statement on the matter" i mBéarla curtha leis na ceisteanna seo. Níl a fhios agam cén fáth é sin. Níl an locht ar an Aire í féin ach tá mé a lua ó thaobh an chórais sa Teach. Tá mé ag iarraidh ar an Aire freagra a thabhairt ar an scannal atá nochtaithe ag Tuairisc.ie inné, bunaithe ar na freagraí a thug an tAire Stáit dom seachtain ó shin, a léirigh go bhfuil maoiniú ó chiste an oileáin chomhroinnte ag déanamh an éagóir a rinneadh i leith na Gaeilge níos measa. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15