Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire. Fáiltím dár ndóigh roimh an caiteachas de bhreis is €200,000 ar Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste, ach fágann sé sin go bhfuil €1.8 milliún den airgead atá ceadaithe nach bhfuil caite go fóill. Is €2 mhilliún san iomlán a ceadaíodh ó chiste an oileáin chomhroinnte. Is féidir é sin a chur i gcomparáid leis an €9.2 milliún atá caite cheana féin ar thograí ealaíona agus cultúrtha. Is í sin an áit ina bhfuil an fhadhb bhunúsach. Cén fáth go bhfuil ceist na Gaeilge chomh tubaisteach sin maidir leis an gciste seo? Tá go leor tograí ann agus ní gá ach féachaint ar thuairisc ón choiste Oireachtais ar an obair ar fad atá ag tarlú ó thaobh na Gaeilge ar fud na Sé Chontae agus a bhfuil airgead de dhíth orthu a d'fhéadfaidís a chaitheamh go han-éasca. Cén fáth go bhfuil an t-idirdhealú seo idir na tograí cultúir agus ealaíona agus na tograí Gaeilge chomh tubaisteach? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15