Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire. Is ag tacú le hoidhreacht chomhroinnte atá aon chaiteachas ar thograí Gaeilge mar ní bhaineann an oidhreacht seo le haon ghlúin, aon chine, nó le haon dream ar leith. Tá géarchéim ann ó thaobh caiteachas, mar is eol don Aire, ina lán de na tograí agus na heagrais atá ag obair sna Sé Chontae agus sa Deisceart. Luaigh an tAire an €18 milliún atá le roinnt idir Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise ach níor luaigh sí nach gcaithtear ach 8% den airgead a chaitheann an Roinn - maoiniú na Roinne - ar an nGaeilge in ainneoin go bhfuil 31% á chaitheamh ar an ealaíon agus ar an chultúr. Tá an cóimheas maoinithe sin á ardú de shíor agus is léir go bhfuil an rud céanna ag teacht isteach sa caiteachas faoi scéim an oileáin chomhroinnte seo. Tá an cóimheas sin léirithe sa ráiteas a d'fhoilsigh Chonradh na Gaeilge agus 130 eagrais eile agus sa phlean fáis atá acu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15