Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Baineann an cheist seo leis an toghchán don údarás atá le teacht agus tá réiteach ag Sinn Féin ar an gcothromas inscne atá ag cur bac, de réir an Aire Stáit, ar an reachtaíocht a bheith foilsithe chun go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ann arís. D'fhoilsigh muidne ceann de na réitigh nuair a rinneamar foilsiú ar an doiciméad Dínit, Dea-Chleachtas, Daonlathas don Ghaeltacht, agus fiafraím den Aire ar fhéach sí ar an doiciméad sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15