Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire agus as a hadmháil go bhfuil na dréachtóirí sa Roinn agus in áiteanna eile ag díriú isteach ar an gceist seo mar tá éadóchas ag teacht ar dhaoine an mbeidh an toghchán seo i mí Meithimh i mbliana toisc nach bhfuil an reachtaíocht os comhair na Dála go fóill. Níl a fhios agam cad iad na hathruithe móra atá i gceist. Luaigh an tAire Stáit nach raibh sé sásta go mbeadh an dáta sin ann i mbliana agus, ansin, an tseachtain seo caite, dúirt sé liom sa choiste go mbeadh sé ar siúl, go raibh sé dóchasach go mbeadh an dáta seo ann i mbliana agus go mbeadh an toghchán don údarás ar siúl ag an am céanna is a bheidh na toghcháin Eorpacha. Cad é an dáta deiridh a shíleann an tAire a bheidh i gceist sula mbeidh an reachtaíocht foilsithe agus curtha faoi bhráid na Dála, ionas gur féidir linn a dhéanamh cinnte de go mbeidh an toghchán ann mar tá iarrthóirí agus daoine áitiúla ag iarraidh go mbeadh an cinneadh seo déanta anois? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15