Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Mar a dúirt mé, tá an obair a bhaineann leis an mBille ag dul ar aghaidh fós chun an toghchán a reáchtáil i Meitheamh 2024. Táim ag díriú fós ar thoghchán a bheith againn ar an lá céanna a bheidh na toghcháin áitiúla ar siúl i mbliana. Tugann an toghchán deis don phobal sa cheantar Gaeltachta ionadaithe a roghnú don bhord. Láidreoidh an próiseas seo an nasc idir an pobal agus Údarás na Gaeltachta agus tá sé fíorthábhachtach domsa agus do mo Roinn go mbeidh glór láidir ag muintir na Gaeltachta, agus is í seo bealach chun é sin a dhéanamh. Díreach mar gheall ar an gceist a chuir Teachta Ó Snodaigh orm maidir le foilsiú an Bhille, sílim go mbeidh sé sin ag tarlú ag tús mhí Aibreáin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15