Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas arís leis an Aire as a freagra. Cuireann sé sin muid ar fad faoi bhrú chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh an reachtaíocht seo rite trí Thithe an Oireachtais chun deis a thabhairt d'iarrthóirí agus a leithéid, agus an pobal, tuiscint a bheith acu ar an toghchán nua. Tá súil agam nuair a socrófar an reachtaíocht sin go dtabharfaidh sé aird ar an méid atá sa doiciméad seo agus, chomh maith leis sin, ar na moltaí a bhí ag an gcoiste Dála, ní hamháin chun déileáil le ceist na hinscne sa tslí atá sa doiciméad ó Shinn Féin ach chun déileáil leis an gceist maidir le hionadaíocht chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil ionadaíocht ann ó gach uile cheantar Gaeltachta, áit nach mbeadh ann sa bhealach a bhí leagtha amach ag na ceannteidil sa reachtaíocht a foilsíodh go dtí seo. Táimid ag rá chomh maith go mbeadh níos mó cumhachtaí ag teastáil don údarás amach anseo ach is é sin ceist eile nach ndearnadh plé i gceart air sa choiste toisc go rabhamar ag déileáil go díreach leis an toghchán. Tá gá le breis tacaíochta don údarás amach anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15