Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá an cheist seo á leanúint suas agam le fada an lá. Is liosta é seo de na foirgnimh agus tailte atá ag Údarás na Gaeltachta. Is maith an rud go bhfuil an talamh agus na foirgnimh aige. Breathnóidh mé ar mo chontae féin. Feicim Baile an tSagairt, Eastát Chasla, Eastát An Choill Rua, Eastát an Chnoic, Baile an tSléibh, Eastát Ros an Mhíl, Eastát An Cheathrú Rua, Eastát Tír an Fhia agus Eastát Charna. Tá neart talaimh, neart foirgneamh agus neart féidearthachtaí ann. Táim sásta go bhfuil athbhreithniú déanta. Níl mé sásta leis an bhfreagra sa mhéid gur mhaith liom plean a fheiceáil. An bhfuil plean feicthe ag an Aire ó thaobh tuilleadh forbartha ar an talamh seo maidir leis na foirgnimh seo? Tá gá práinneach leis. Arís, is fadhb mhaith é i ndáiríre go bhfuil an talamh agus na foirgnimh aige ach tá gá práinneach le plean. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15