Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá neart féidearthachtaí anseo. Tá trí dhualgas ag Údarás na Gaeltachta. Tá dualgais air ó thaobh an phobail, ó thaobh na teanga agus ó thaobh na fostaíochta. Tá neart féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta. Feicim go bhfuil abairt i bhfreagra an Aire go bhfuiltear anois ag breathnú ar chúrsaí tithíochta. Is maith an rud é sin ach an bhfuil sonraí ag an Aire faoi sin? Tá ceist eile curtha isteach, Uimh. 24. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an dá cheist le chéile. Baineann an cheist sin go díreach le tithíocht. I bhfreagra an Aire, luann sí cúrsaí tithíochta. Mar is eol di, tá géarchéim i nGaillimh agus sa chontae ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar an ngéarchéim sin. Faoi dheireadh, tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar na féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta. An bhfuil an tAire ar an eolas faoin scéim atá beartaithe aige? An raibh sé i dteagmháil leis an gcóras áitiúil? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15