Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-02-15 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ó thaobh na ceiste seo, níor dhírigh mé isteach ar cé chomh fada atá na foirgnimh folamh. Dhírigh mé isteach ar rud dearfach, is é sin na féidearthachtaí atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta agus gnó. Bhí díospóireacht ann inné, ina raibh an Cathaoirleach Gníomhach páirteach, faoi chúrsaí gnó áitiúla agus na féidearthachtaí atá ann. Gabh mo leithscéal; an bhfuilim thar am? Níl a fhios agam. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-02-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:40+00:00 Sitting date: 2024-02-15