Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-03-06 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá cathaoirleach nua ar bhord RTÉ á cheapadh anois. Beidh sé gnóthach. Guímid gach rath air. Tá go leor le déanamh. Beidh an-chuid béime ar riachtanais RTÉ féin ach tá riachtanais ag TG4 agus ag Raidió na Gaeltachta chomh maith. Tá an-chuid á déanamh acu le sciar beag airgid. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh a riachtanais agus riachtanais phobal na Gaelainne i lár aigne an chathaoirligh nua. An bhfuil aird an chathaoirligh nua á díriú ar riachtanais phobal na Gaelainne, TG4 agus Raidió na Gaeltachta? Are the requirements of TG4, Raidio na Gaeltachta and the Irish language community being brought to the attention of the new chair of the board? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:46+00:00 Sitting date: 2024-03-06