Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-03-21 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Tá sé tagtha chun solais nach bhfuil an Ghaeilge éigeantach do phost mar stiúrthóir scoileanna san Galway and Roscommon Education and Training Board, GRETB. Is cúis imní é seo do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelcholáistí. Tá seacht meánscoileanna Gaeltachta agus dhá Ghaelcholáiste taobh amuigh den Ghaeltacht faoin GRETB agus is é seo níos mó ná aon trian de na meánscoileanna Gaeilge ar fad atá sa Stát. Tá dualgas, ar ndóigh, ag scoileanna Gaeilge faoin Acht Oideachais an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú. Cén chaoi go mbeadh stiúrthóir scoileanna gan Ghaeilge in ann a ghnó nó a gnó a dhéanamh leis na scoileanna seo mura bhfuil Gaeilge aige nó aici? An gcreideann an Tánaiste go mbeifear in ann é sin a dhéanamh agus nach dtéann sé sin in aghaidh na ndualgas an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú sna scoileanna sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-03-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:48+00:00 Sitting date: 2024-03-21