Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle agus comhghairdeas don Aire Stáit as an ardú céime atá faighte aige. Tá post mór tábhachtach aige anois ó thaobh na Gaeilge de. Ní ag dul ar thaobh atá sé. Is ardú céime é i mo thuairim féin. Is ceist í seo a cuireadh isteach sular tharla an t-athrú aireachta ach tá sé fós cinniúnach go bhfuil sé anseo agus baineann sé le foilsiú reachtaíochta a bhí geallta ag tús na míosa seo, agus roimhe sin, maidir le toghchán d'Údarás na Gaeltachta agus cén uair a bheidh an reachtaíocht ann agus a leithéid sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18