Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an Rialtas imithe siar ar ghealltanas a tugadh go mbeadh dréacht-Bille os ár gcomhair roimh mhí Aibreáin. Ní hé seo an chéad ghealltanas maidir leis an mBille seo. Aithním go bhfuil ceannteidil nua ann. Rinneamar a lán oibre anuraidh i gCoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus rinneamar brostú ar an obair sin chun cuidiú leis an Rialtas, mar a dúramar ag an am, is é sin go mbeadh Bille os ár gcomhair agus go mbeimid in ann an toghchán a bheith ar chomhchéim leis na toghcháin áitiúla agus na hEorpa. Is trua linn é sin. Dáiríre, fiafraím den Aire Stáit cén uair a fheicimid an Bille nua nó an bhfuilimid chun an deis a thapú díriú isteach ar na cumhachtaí iomlána a bheidh ag Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aige faoi láthair agus, dá réir, an gcuirfidh sé sin moill leis seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18