Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Is é samhradh na bliana seo agus is é sin an aidhm atá agam ach níl mé ach seachtain sa Roinn. Tá na ceannteidil foilsithe. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé seo. Tá roinnt rudaí ar mhaith liom leasú a dhéanamh orthu maidir le hÚdarás na Gaeltachta ach, ag an am céanna, níl mé ag iarraidh moill a chur ar an mBille agus ar an bpróiseas reachtaíochta. Tá daoine ag teacht chugam anois ag rá go bhfuil plean nó leasú acu agus ba mhaith liom machnamh a dhéanamh ar na leasuithe sin. Ag an am céanna, níl mé ag iarraidh moill a chur ar an mBille. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18