Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Okay, agus ní féidir linn glacadh leis sin. Beidh mé ag dul i dteagmháil leis an Roinn maidir leis sin ach caithfidh mé a rá gur chuir mé an cheist chéanna agus fuair mé iad so níl a fhios agam. Déanfaidh mé mo dhícheall é sin a athrú agus níl sé sin ceart mar ba cheart go mbeadh siad i dtosach trí Ghaeilge. Táim ag iarraidh comhoibriú ó na dréachtóirí agus tá siad faoi bhrú freisin. Tá an Bille seo ar liosta tosaigh an Rialtais a foilsíodh i rith na seachtaine seo. Beidh mé i dteagmháil leis na dréachtóirí, leis an Ard-Aighne agus le mo hoifigigh. Go cinnte, léifidh mé an tuarascáil atá foilsithe ag an gcoiste freisin. Ag an am céanna, má tá a lán oibre le déanamh maidir le leasuithe, cuirfidh sé sin moill ar an bpróiseas. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18