Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Bhí muid ag labhairt níos luaithe faoin mBille um Údarás na Gaeltachta. Dúradh go bhfuil sé ag teacht am éigin ach, idir an dá linn, tá bord Údarás na Gaeltachta agus an t-eagras féin fós ag obair. Cathain a líonfar na folúntais ar bhord Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear ról an chathaoirligh? An ndíreoidh an tAire Stáit isteach ar an gceist seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18