Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Nuair a chuaigh mé i ngleic leis an jab seo ar dtús, ba é seo ceann de na céad ábhair chainte a bhí agam le m'oifigigh. Bhuail mé le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta i gConamara inné. Tá a fhios agam go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis seo. Ba mhaith liom go mbeadh cathaoirleach ceaptha ar an mbord. Admhaím go bhfuil sé sin an-tábhachtach. Táim chun dul i ngleic leis seo láithreach. Mar a dúirt mé cheana, bhí cainteanna agam. Beidh comhrá agam leis an Aire chun an ceapachán seo a bhrú chun cinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18