Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Níl a fhios agam an bhfuil fadhb bhunúsach i gcóras PAS ach tá an cuma air go minic go mbíonn moill thar cuimse nuair atá folúntais ar bhoird Stáit le líonadh. Nílim ag caint faoin bhfolúntas seo amháin ach ar chinn eile freisin. Níl a fhios agam an bhfuil fadhb ar leith ann nach bhfuil iarratais á ndéanamh ag an bpobal ar na poist agus na folúntais seo nó an bhfuil moill ann na folúntais a fhógairt in am. Tá sé ríthábhachtach do na boird Stáit ar fad - ní hamháin na cinn a thagann faoi Roinn an Aire Stáit, nó cuid den Roinn sin, ach gach uile ceann acu - mar tá an cuma air ó thuairiscí sna meáin go bhfuil fadhb bhunúsach ann na folúntais ar bhoird Stáit a líonadh. Is an Roinn iomlán atá i gceist anseo. Ní tharlaíonn sé tapa go leor. Maidir leis an mbord ag críochnú ag deireadh na bliana, tá súil agam go ndéanfaidh muid déileáil leis agus más gá síneadh, go ndéanfar síneadh muna bhfuil an reachtaíocht nua rite ionas nach mbeadh tréimhse ag tús na bliana seo chugainn nach mbeidh aon bhord ann agus go mbeidh síneadh ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18